Buachaill ón Éirne

Buachaill ón Éirne mé
‘s bhréagfainn féin cailín deas óg.
Ní iarrfainn bó spré léithe
tá mé féin saibhir go leor.
‘S liom Corcaigh ‘a mhéid é,
dhá thaobh a’ ghleanna ‘s Tír Eoghain.
‘S mura n-athraí mé béasaí
‘s mé n’ t-oidhr’ ar Chontae Mhaigh Eo.

 

Rachaidh mé ‘márach
a dhéanamh leanna fán choill
Gan choite, gan bád,
gan gráinnín brach’ ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh
mar éideadh leapa os mo chionn
‘S óró sheacht mh’anam déag thú
‘s tú ‘féachaint orm anall.

 

Buachailleacht bó, mo lao,
nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt ‘s ag ‘ol
‘s le hógmhná deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stór
ní dóigh* gur chaill mé mo chiall
A’s ní mó liom do phóg
ná’n bhróg atá’r caitheamh le bliain.

 

A chuisle ‘s a stór
ná pós an seanduine liath
Ach pós a’ fear óg, mo lao,
mur’ maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill
gan ó nó mac os do chionn
A shilfeadh a’n deor
tráthnóna nó’r maidin go trom.

Rudolf an Fia Rua

Rudolf An Fia Rua

 

Rudolf an fia rua, bhí loinnir ar a shrón chomh maith.

Agus dá bhfeicfeá a riamh é, déarfá linn go raibh sé geal.

 

Bhíodh na fianna eile ag gáire is ag magadh faoi.

Ní ligeadh siad a riamh do Rudolf, páirt a ghlacadh i gcluichí.

 

Oíche Nollag, cheomhar, bhán, tháinig San Nicolás

“Rudolf, le do shrón gheal ghlé,

An rachaidh tú ós comhair mo shlé?”

 

Bhí grá ag na fianna eile dó, is bhéic siad amach ós ard; “ Rudolf, an fia rua, nach ortsa bhéas an clú is cáil!”